Home GAA Smaoineamh Siar Ar 2016: An Bhfuil Paisean Le Brath I CLG?

Smaoineamh Siar Ar 2016: An Bhfuil Paisean Le Brath I CLG?

Cad is paisean ann? Deirtear go mbíonn sé le brath ag gach aon chluiche CLG ó bhun go barr na tíre.

Is cinnte go bhfuil sainmhíniú soiléir ann ina thaobh, ach cad go díreach atá i gceist leis? Is iomaí cliché a chaitear thart, gan subtaint mhór leo.

Ní hamháin sin, ach an bhfuil an CLG uilig bunaithe ar lucht séasúrach, nó an ‘bandwagon’?

I mbliana, bhí na sluaite díomách don chuid is mó, go háirithe san iomáint. Ag céiliúradh Thiobraid Árainn an lá ina dhiaidh gur bhaineadar Craobh na hÉireann amach, bhí tuairim is 35,000 i láthair i nDurlas Éile. Chun comhthéacs a thabhairt ar an uimhir seo, b’shin slua níos mó ná gach aon chluiche iománaíochta i rith na bliana, seachas dhá cheann.

screen-shot-2016-12-31-at-15-56-56

Cad ina thaobh nár tháinig na sluaite i rith na bliana? Idir an stíl gránna agus easpa dóchais a bhí ag contaetha, ní raibh iontu ach leithscéalta. Tá go leor tosca i gceist; do theip ar leithéidí Luimnigh ‘s Corcaí, bhí an t-uafás de chluichí mhóra ag Port Láirge, agus tá fianaise ann gur chaill muintir Chill Chainnigh suim i gCraobh Laighin.

Ach is cuma fé na sluaite nach raibh ann, céard fé na daoine a bhí i láthair?

Ag tús na bliana, do bheartaíomar tabhairt fé shraith físeáin don chraobh. D’fhreastlaíos féin agus Lauren Guilfoyle ar chluiche in aghaidh na seachtaine ar son Pundit Arena, chun labhairt le lucht leanúna na gcontaetha agus dul i ngleic le cad is paisean ann. Dáiríre, an bhfuil an paisean mar bhunchloch an chumainn?

D’éirigh linn léargas a thabhairt ar atmaisféar na laethannta, agus é a chraoladh maraon le guth a thabhairt don lucht leanúna. Ach ar éirigh linn freagra a bhaint amach ar an gceist chonspóideach seo? N’fheadar, agus mé ag smaoineamh siar ar an mbliain, aimsir na Nollag seo.

screen-shot-2016-12-31-at-15-56-30

Do bhí an t-ádh linn casadh ar charachtair éagsúla, agus gan ach aon sprioc coiteann acu; rath a bhlaiseadh.

Is cuma más gásúr óg nó saineolaí aosta atá ann, tá an t-ocras céanna ann. Lá an chluiche, bíonn deasghnáth ag gach duine acu chun dul i ngleic le sceitimíní, dóchas, ‘s fiú a gcreideamh.

Bheadh siad thar n-ais an tseachtain ina dhiaidh dá mbeadh an bua acu. Caitear an geimhreadh uilig i mbun díospóireachta agus athscrudaithe théis a chaillean siad, ar nós scrúdú iarbháis.

screen-shot-2016-12-31-at-15-56-49

Is deacair an paisean seo a ranngú. Agus b’fhéidir gur ann atá fíor-áilleacht spóirt le fáil; go dtagann daoine le chéile idir óg ‘s aosta. Ach is cinnte go bhfuil sé ann.

Is tír réchúiseach sinn don chuid is mó, ach an mhaliart atá fíor nuair a bhíonn spórt i gceist. Spreagtar rud teibí ionann.

Mar sin, cad is paisean ann? Cad ina thaobh go dtiocfaidh na sluaite arís is arís eile san athbhliain, chun a gcuid ama is tacaíochta a thabhairt d’fhoireann áirithe? Agus bíonn tionchar ag taispeántas na foirne ar gach gné den saol acu ina dhiaidh.

Chun freagra simplí a chur ar cheist chasta, tá x-factar fé leith ann, agus bhí sé soiléir le linn an tsamhraidh ar fad dúinn.

Ana-bhliain spóirt a bhí ann i 2016, agus déanfaimid ár ndícheall chun leanúint leis i 2017.

Go mbeirimíd beo ar an am seo arís.

Brian Barry, Pundit Arena.

About Brian Barry

Brian Barry
Brian Barry is a Sports Journalist and the Commercial Editor with Pundit Arena. You can get in touch by mailing brian@punditarena.com, and can follow him on Twitter via @briangbarry.

Check Also

2017 GAA Congress, Croke Park, Dublin 24/2/2017 A view of the conference Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer

Inter-County Players’ Reaction To ‘Super 8’ Motion Illustrates Huge Level Of Discontent

February 25th, 2017 is a date that will go down in history for all the wrong …